Léiriúcháin atá le Teacht.

Scannáin agus léiriúcháin teilifíse nua atá á bhforbairt don tréimhse 2025–2027.

Aperitíf

Sraith nua do dahoine atá ag iarraidh siúil amach lena chéile do TG4. Faoi stiúir James Kenneally, beidh Aperitíf á scannánú i mBaile Átha Cliath idir an 18ú agus an 26ú d’Aibreán 2026.

The Search for Red Hugh

Clár faisnéise uair an chloig a dhéanann iniúchadh ar shaol Aodh Rua Uí Dhomhnaill, ceannaire mór deireanach na hÉireann, agus ar an gcuardach eolaíoch atá ar bun dá iarsmaí i Valladolid na Spáinne. Comhléiriúchán le Brassneck Films, Doire.

Tuatha

Sraith dhrámaíochta chomhaimseartha (4 × 60 nóiméad) suite in Éirinn an lae inniu. Caithfidh an tOllamh Ann O’Driscoll a cuid eolais acadúla agus a hintleacht a úsáid chun Ceithre Sheoid Mhóra na hÉireann a chosc ó thitim i lámha míchearta, rud a d’fhéadfadh cumhacht uafásach a scaoileadh saor agus an cine daonna a scriosadh.

Man of the Sword

Sraith eipiciúil dhrámaíochta staire, i gcomhar le Kinvara Productions, a insíonn scéal fíor dochreidte Thomas Francis Meagher.

Room 56

Is í an bhliain 1881 í. Caithfidh Edward Jenkinson, príomh-mháistir spiaireachta na Breataine, gach riail a shárú chun sceimhlitheoir Éireannach gan aithrí, atá meáite ar bhuamáil le dinimít, a stopadh sula gcuirfidh sé deireadh leis an Impireacht. Sraith dhrámaíochta 6 × 60 nóiméad.

Unicorn 69

I mbruachbhaile in Éirinn, tá saol dúbailte dorcha á cheilt ag bean chéile agus máthair atá galánta. Faoin ainm Unicorn69, meallann sí fir ar líne chun iad a mharú. Ach nuair a thosaíonn an masc foirfe ag scoilteadh, téann a saol as smacht. Sraith dhrámaíochta teilifíse 4 × 60 nóiméad.


Abú Media

Fón

Ríomhphost

Seoladh

Abú Media, Teach Indreabhán, Indreabhán,

Co. Na Gaillimhe, H91 H224.

Abu Media Offices

© 2026 Abú Media. All Rights Reserved.