ROIMHE SEO
Sraith úrnua do TG4 I gcóir daoine atá ag iarraidh a grá geal a aimsiú sa saol. In ionad an tsíor-shleamhnaithe ar aip nó dátaí míchompordacha, buaileann gach rannpháirtí in Aperitíf le triúr daoine éagsúla thar aon bhéile amháin – blaisín, príomhchúrsa agus milseog. Comhráite éagsúla. Fuinneamh éagsúil. Féidearthachtaí éagsúla. Táimid ag lorg daoine singile as gach cearn d’Éirinn le páirt a ghlacadh sa tsraith Ghaeilge uathúil seo, atá lán de spraoi, greann agus croí le gaeilge líofa . Tá Aperitíf oscailte do gach iarratasóir idir 18 agus 100 bliain d’aois, agus cuirtear fáilte roimh gach éinne. Beidh Aperitíf á scannánú i mBaile Átha Cliath idir an 18ú agus an 26ú d’Aibreán.
Léiritheoirí: Bríd Seoighe & Pierce Boyce Stiúrthóir: James Kenneally
Fón
Ríomhphost
Seoladh
Abú Media, Teach Indreabhán, Indreabhán,
Co. Na Gaillimhe, H91 H224.

© 2026 Abú Media. All Rights Reserved.