Fidil Ghorm

Léiriúchán Bunaidh de chuid Abú Media. Insíonn Fidil Ghorm scéal Molly, cailín deich mbliana d’aois a chreideann, má fhoghlaimíonn sí an fhidil a sheinm mar a rinne a hathair agus má bhuann sí Craobh Uile-Éireann, go mbeidh sí in ann é a mhúscailt as an gcoma. Le linn dá hathair a bheith sa choma, aistrítear é chuig ionad athshlánaithe. Is ann a dhéanann Molly cairdeas le Malachy, fear scothaosta cantalach a chloiseann sí ag seinm na fidle go hálainn. De réir a chéile, foghlaimíonn sí go ndeirtear go bhfuil “draíocht ina lámha” agus go raibh sé tráth ar dhuine de na fidléirí ba cháiliúla sa tír. Cruthaíonn an bheirt ceangal eatarthu, agus éiríonn le Molly é a mhealladh chun an fhidil a mhúineadh di. Le chéile, tugann siad faoin aistear chun an draíocht nach féidir ach leis an gceol a thabhairt a aimsiú.

Aisteoirí & Foireann Léiriúcháin

Aisteoirí: Edith Lawlor, Siobhán O’Kelly, Barry McGovern, Aindrias de Staic agus Marcus Lambe Léiritheoirí: Bríd Seoighe, Pierce Boyce Léiritheoir Comhlach: Pearce Cullen Scríbhneoir: Patricia Forde Stiúrthóir: Anne McCabe Eagarthóir: Eoin McDonagh Stiúrthóir Grianghrafadóireachta: Ronan Fox Ceol: Odhrán Ó Casaide Bainisteoir Léiriúcháin: Ivan McMahon Foireann Léiriúcháin: Emer Flaherty, Gráinne McCormack agus Sinéad Flaherty Maoinithe ag: Fís Éireann/Screen Ireland, Coimisiún na Meán, Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI), Creidmheas Cánach Scannán Alt 481, agus TG4.

Custom Image

ROGHA OIFIGIÚIL

  • Galway 35th Film Fleadh 2024 – Winner Best Irish First Feature
  • Newport Beach Film Fest 2024 – Winner Audience Award
  • Whistler Film Festival 2024
  • Capital 19th Irish Film Festival 2025

Award Laurels (dragged).pdf

ROIMHE SEO

Abú Media

Fón

Ríomhphost

Seoladh

Abú Media, Teach Indreabhán, Indreabhán,

Co. Na Gaillimhe, H91 H224.

Abu Media Offices

© 2026 Abú Media. All Rights Reserved.