ROIMHE SEOAN CHÉAD CHEANN EILE
Sraith Siamsaíochta Teaghlaigh – 52 nóiméad. 3 Shraith – 30 uair an chloig ar fáil. Léiriúchán Bunaidh de chuid Abú Media. Is formáid úrnua spreagúil siamsaíochta teaghlaigh é Go Gasta, a coimisiúnaíodh go sonrach do theilifís na hÉireann don sliotán príomhaimseartha oíche Dhomhnaigh ag 8.30pm. Tá an fhormáid uair an chloig seo bunaithe ar spraoi, spleodar, comhionannas inscne, rannpháirtíocht pobail agus sláinte is folláine. I ngach clár, tugann dhá fhoireann ó bhailte agus ó shráidbhailte éagsúla faoi rás eatarthu ó bhaile amháin go baile eile. Ar an mbealach caithfidh siad naoi ndúshlán éagsúla a shárú, agus iad ag iompar rópa trom trí mhéadar ar fad i gcónaí. Scannánaíodh Go Gasta ar fud na hÉireann i rith shamhradh 2019. Cuireadh tús lena chraoladh ar TG4 ar an 13 Deireadh Fómhair 2019 ar feadh deich seachtaine. Scannánaíodh Sraith 2 in 2020 agus craoladh í ina dhiaidh sin an samhradh céanna. Tá Sraith 3 á craoladh ar TG4 gach Domhnach ag 8.30pm, le hathchraoladh gach Céadaoin ag 7.30pm.
Cruthaitheoir na Formáide: Pierce Boyce Stiúrthóirí: Evan Chamberlain, Conor O’Donovan, Luke McManus & Pierce Boyce Showrunner: Pierce Boyce Léiritheoirí: Bríd Seoighe & Eileen Seoighe

Fón
Ríomhphost
Seoladh
Abú Media, Teach Indreabhán, Indreabhán,
Co. Na Gaillimhe, H91 H224.

© 2026 Abú Media. All Rights Reserved.