ROIMHE SEO
Ar smaoinigh tú riamh conas a dhéantar na táirgí a úsáidimid gach lá? Tugann CONAS? muid taobh thiar de na radhairc i monarchana ar fud na tíre, áit a bhfaighimid amach conas a dhéantar táirge nua gach seachtain. Leanann beirt láithreoirí óga próiseas déantúsaíochta táirge ó thús deireadh – ón gcéad chéim den táirgeadh go dtí go bhfeicimid é ar sheilf an tsiopa. Ó tháirgí bia cosúil le harán, bainne agus mil, go dtí coinnle, geansaithe spóirt, camáin agus fiú innill dóiteáin, faighimid amach conas a dhéantar iad.
Léiritheoir: Eileen Seoighe Stiúrthóir: Rachael Moriarty Maoinithe ag: TG4 & Coimisiún na Meán





Fón
Ríomhphost
Seoladh
Abú Media, Teach Indreabhán, Indreabhán,
Co. Na Gaillimhe, H91 H224.

© 2026 Abú Media. All Rights Reserved.