Beidh Abú Media i láthair ag MIPCOM 2026 i Cannes. Beidh Bríd Seoighe agus Pierce Boyce ag déanamh ionadaíochta ar an gcomhlacht. Is é an cuspóir atá acu ná ceannaitheoirí a aimsiú dár bhformáidí nua, chomh maith le hábhar nua den scoth agus comhpháirtithe nua comhléiriúcháin a aimsiú. I measc na dtionscadal a bheidh á gcur i láthair acu, tá Aperitíf (formáid), Éire & Taisteal (sraith chríochnaithe: 7 x 1 uair), Zon62 (formáid do pháistí), Engineers (formáid eolaíochta do pháistí), Fidil Ghorm (scannán gné) agus go leor eile.
ROIMHE SEO
