AN CHÉAD CHEANN EILE
Scéal faoi sheamróga agus gunnaí fo-inneall, is sraith fhaisnéise bhunaidh de chuid Abú Media í Mobs Mheiriceá, a chuimsíonn breis agus céad bliain de stair chun ardú neamhghnách an Irish Mob i Meiriceá a chíoradh. Ó bhuíonta Éireannacha Nua-Eabhrac ag deireadh an 19ú haois go dtí na 1970idí, insíonn an tsraith sé chlár scéalta dochreidte na chéad ghlúine de leanaí Éireannacha a d’éirigh ar chuid de na coirpigh ba cháiliúla agus ba mhó a bhí á lorg i Meiriceá. Scrúdaítear saol agus coireanna príomhfhigiúirí an Irish Mob, ina measc Owney “The Killer” Madden, Jimmy Coonan agus a bhuíon cháiliúil The Westies ó Hell’s Kitchen, Frankie Sheeran agus James Joseph “Whitey” Bulger Jr. Léiríonn scéal na ngangstar Éireannach an “Aisling Mheiriceánach” ina hiomláine – an smaoineamh gur féidir le páiste a tógadh i mbochtaineacht teacht i gcumhacht, saibhreas agus stádas, is cuma cén modh a úsáidtear. Le rannpháirtíocht ó údair a bhuaigh Duais Pulitzer, ó bhaill den Irish Mob féin, ó ghaolta agus ó na póilíní a lean iad, tugann an tsraith seo an cuntas is iomláine riamh ar stair an Irish Mob i Meiriceá.
Cruthaitheoir: Bríd Seoighe Léiritheoirí: Bríd Seoighe & Eileen Seoighe Stiúrthóir: Dathaí Keane Léiritheoir Feidhmiúcháin: Pierce Boyce Díolacháin Idirnáisiúnta: Kew Media Group Ar fáil freisin i bhformáid 30 nóiméad.

Féile Meán Cheilteach – Buaiteoir, An tSraith Fhaisnéise is Fearr (2004)
Platinum Remi Award – Buaiteoir
WorldFest Houston International Film Festival
IFTA – Ainmnithe (2003)
IFTA – Ainmnithe (2004)Gradaim
Fón
Ríomhphost
Seoladh
Abú Media, Teach Indreabhán, Indreabhán,
Co. Na Gaillimhe, H91 H224.

© 2026 Abú Media. All Rights Reserved.